36 Agus an tan do chúaluidh sé an slúagh ag gabháil thairis, dfiafruidh sé créd é so.
37 Agus dinniseadar dhó, gur ab é Iósa Nasardha do bhí gabháil thairis.
38 Agus do éigh seision ag rádh, A Iósa, a mhic Daibhi dénna trócaire oram.
39 Agus an dream do bhí roimhe do imdheargadar é, ionnus go mbíadh se na thochd: achd is moide do éighmheadh seision sin, A mhic Dáibhi, déana trócaire oram.
40 Agus ar seasamh Díosa, do aithim sé a thabhairt chuige: agus an tan do dhruid sé ris, dfiafruidh sé dhe,
41 Ag rádh, Créd is mián leachd misi do dhéana dhuit? Agus a dubhairt seision, A Thighearna, mo radharc aiseag dhamh.
42 Agus a dubhairt Iósa ris, Bíodh do radharc agad: do shlánuigh do chreideamh thú.