8 A deirim ribh go ndéana sé dioghaltas ar a son go lúath. Achd cheanna an tan thiocfas Mac an duine, an bhfuighe sé creideamh ar an dtalamh?
9 Agus fós ré dreim do sháoil iád féin bheith na bhfiréain, agus do tharcasinigh cách eile, a dubhairt sé an chosamhlachdsa:
10 Do chúadár días do dháoinibh súas don teampall do dhéanamh urnuighe; áon aca na Phairisíneach, agus araile na phúibliocánach.
11 Ar seasamh don Phairisíneach do bhí sé guidhe mar so leis féin, A Dhiá, beirim buidheachas riot, nach bhfuilim mar atáid dáoine eile, a luchd fuáduigh, éugcórach, adhaltrannach, nó fós mar an bpuibliocánachsa.
12 Troisgim fá dhó ann sa tseachdmhuin, do bheirim deachmhuidh as gach ní dhá sealbhuighim.
13 Agus ar seasamh don phuíbliocán, a bhfád úadh, nior bháill leis fiú a shúl do thogháil suás chum neimhe, achd do bhuaileadh sé a uchd, ag rádh, A Dhía déana trócaire oramsa an peachthacht.
14 A deirim ribh, go dtáinic an tési a núas dá thigh féin na fhiréanach ni is mó na fear úd: óir gidh bé ísligheas é féin áirdeochthar é.