8 Agus ag seasamh do Shachéus, a dubhairt sé ris an Tighearna; Féuch, a Thighearna, do bheirim leath mo mháoine do na bochdaibh; agus má mbeall mé duine air bith a néinní, do bheirim dhó a cheithre oirid.
9 Agus a dubhairt Iósa ris, A niugh thárla sláinte don tighsi, do bhrígh do bhfuil seisean fós na mhac ag Abraham.
10 Oír tháinic Mac an duine diárruidh agus do shlánughadh an ní do chúaidh a mugha.
11 Agus ag éisdeachd dóibhsean leis so, do chuir sé leis agus a dubhairt sé cosamhlachd, tré go raibh sé láimh ré Hiarúsalem, agus gur sháoileadarsan nach fada go bhfoillseochtháoi rioghachd Dé.
12 Ar a nadhbharsin a dubhairt se, Do chúaidh duine uasal áirighe a régión imchían do ghabháil rioghachda dhó féin, agus dfilleadh air a ais.
13 Agus ar ngairm a dhéichneabhar searbhfhoghantuighe dhó, tug sé deich bpunta dhóibh, agus a dubahirt sé riú, Déunuidh gnothuigh nó go dtig mé.
14 Achd do bhí fúath ag luchd a chaithreach dhó, agus do chuireadar teachdaireachd na dhiáigh, ag rádh, Ní hail linn é so do ríoghadh oruinn.