20 Agus an tan do chífí Iérusalem ar na timchealladh ó shlúaghuibh, bíodh a fhios aguibh an tansin gur ab fogas a fásughadh.
21 An sin an dream bhías a ttír Iúdáighe teitheadh said fá na sléibhtibh; agus an luchd bhías ann a lar, imthigheadh said aisde; agus an dream bhías ar na machairidhibh ná héirgheadh síad a sdeach innte.
22 Oír a said so láeithe an dioghaltuis, ionnus go gcoimhlionfuidhthe na huile neithe atá sgríobhtha.
23 Agus budh trúagh do ná mnáibh bhías torrach, agus ag oileamhuinn ann sna láethibh úd! oír bíaidh riachdanas romhór ann sa dúithche, agus fearg ris an bpobalsa.
24 Agus tuitfid lé faobhar an chloidhimh, agus béarthar a mbraighdeanas íad chum na nuile chinidheach: agus bhíadh Iarúsalém ar na saltairt fáoi a Cineadhachaibh, nó go gcoimhlíontar aimsearacha na Geinidheach.
25 Agus béid comharthuighe ann sa ngréin, agus ann sa ngealuigh, agus ann sna réultannuibh: agus combrúghadh na gcinidheach ar an dtalamh, tré úathbhás; ag buirfigh don fhairge agus do na tonnuibh;
26 Agus racha a nanam as na dáoinibh tré eagla, agus tré bheith ag feitheamh ris na neithibh thiocfas ar an domhan: oír croithathear cumhachda neimhe.