25 Agus béid comharthuighe ann sa ngréin, agus ann sa ngealuigh, agus ann sna réultannuibh: agus combrúghadh na gcinidheach ar an dtalamh, tré úathbhás; ag buirfigh don fhairge agus do na tonnuibh;
26 Agus racha a nanam as na dáoinibh tré eagla, agus tré bheith ag feitheamh ris na neithibh thiocfas ar an domhan: oír croithathear cumhachda neimhe.
27 Agus ann sin do chifid Mac an duine ag teachd a néull maille lé cumhachda agus lé glóir mhóir.
28 Agus an tan thionnsgóntar na neithesi do dhéanamh, féachuidh súas, agus togbhaidh bhár gcinn; óir is fogus dáoibh bhar bhfúasgladh.
29 Agus a dubhairt sé an chosamhlachdsa ríu; Féachaigh an crann fige, agus na huile chrann;
30 An tan sgeithid a nduilleabhar, air na fhaicsin dáoibhsi aitheantáoi úaibh féin gur fogus an samhradh ann sin.
31 Is mar sin dáoibhsi, an tan do chífí na neithesi déanta, bíodh a fhíos aguibh gur ab fogus atá rioghachd Dé.