28 Agus an tan thionnsgóntar na neithesi do dhéanamh, féachuidh súas, agus togbhaidh bhár gcinn; óir is fogus dáoibh bhar bhfúasgladh.
29 Agus a dubhairt sé an chosamhlachdsa ríu; Féachaigh an crann fige, agus na huile chrann;
30 An tan sgeithid a nduilleabhar, air na fhaicsin dáoibhsi aitheantáoi úaibh féin gur fogus an samhradh ann sin.
31 Is mar sin dáoibhsi, an tan do chífí na neithesi déanta, bíodh a fhíos aguibh gur ab fogus atá rioghachd Dé.
32 A deirim ribh go fírinneach, Nach racha an dínisi thort, nó go ndéantar na neithesi uile.
33 Rachaidh neamh agus talamh thort: achd ní rachaid mó bhriathrasa thort go bráth.
34 Achd tabhruidh bhur naire dhíbh féin, deagla go mbíadh sibh tromchroidh theach úair ar bith í chráos, agus ó mheisge, agus ó rochúramuibh na beathasa, agus go dtiochfadh an lá úd go hobann oraibh.