30 An tan sgeithid a nduilleabhar, air na fhaicsin dáoibhsi aitheantáoi úaibh féin gur fogus an samhradh ann sin.
31 Is mar sin dáoibhsi, an tan do chífí na neithesi déanta, bíodh a fhíos aguibh gur ab fogus atá rioghachd Dé.
32 A deirim ribh go fírinneach, Nach racha an dínisi thort, nó go ndéantar na neithesi uile.
33 Rachaidh neamh agus talamh thort: achd ní rachaid mó bhriathrasa thort go bráth.
34 Achd tabhruidh bhur naire dhíbh féin, deagla go mbíadh sibh tromchroidh theach úair ar bith í chráos, agus ó mheisge, agus ó rochúramuibh na beathasa, agus go dtiochfadh an lá úd go hobann oraibh.
35 Oir tiocfa sé mar dhul ar na huile dháoine dá náitrigheann ar úachdar na talmhan uile.
36 Ar a nadhbharsin déanuidh faire, ag guidho gach uile uair, ionnus go rucasfuigh gur fiú sibh dul as ó na neithibhsi uile atá chum teachda, agus go seasmhóchadh sibh a bhfiadhnuisi Mhic an duine.