1 Agus do dhruid féasda a naráin gan laibhín riu, dá ngoirthear an Cháisg:
2 Agus do bhí úachdarain na sagart agus na sgríobuidhe ag íarruidh cionnus do mhuirfidís eision; oir do bhí eagla an phobuil orrtha.
3 Achd do chúaidh Satan a Níudas dar chomhainm Iscáiriot, do bhí no nuibhir an dá fhear dhéag.
4 Agus ar nimtheachd amach dhé, do labhair sé ris na hárdsagartaibh agus ris na húachdaranuibh, cionnas do bhraithfeadh sé eision dhóibh.
5 Agus do gabh lúathgháire íadsan, agus do rinneadar cunnradh ris airgead do thabhairt dó.
6 Agus do gheall seision sin, agus díarr sé faill ar eision do bhrath dhóibh ab tan nach mbíadh an pobal a láthair.