11 Agus abruidh ré fear an tighe, A deir an Maighisdir riot, Cáit a bhfuil an Ióisdín, iona níosa mé an cháisg maille rem dheisciobhluibh?
12 Agus taisbéanuigh seision dáoibh séomra mór uachtrach deaghmhaisioch: ullmhuighidh ann sin é.
13 Agus ar nimtheachd dóibhsion, fuaradar mar a dubhairt seision riu: agus dullmhuigheadar an cháisg.
14 Agus an tráth tháinic an tam, do shuidh sé síos, agus a dhá dheisciobal deg maille ris.
15 Agus a dubhairt sé ríu, Do bhí fonn romhór oram an cháisgse do chaitheamh maille ribhsi suil fhuileongas mé:
16 Oír a deirim ribh, Nach íosa mé dhe ní as mó, nó go gcoimhlíontar é a ríoghachd Dé.
17 Agus ar ngabháil an chupáin chuige, ar mbreith buidheachais dó, a dubhairt sé, Glacaidh so, agus roinnidh eadruibh féin é.