30 Ionnus go níosdáoi agus go níobhtháoi ar mó bhórdsa ann mo rioghachd féin, agus go suighfí ar chaithíreachaibh ag breith bhreithe ar dhá threibh dhéug Isráel.
31 Agus a dubhairt an Tighearna, A Shímóin, a Síomóin, féuch, díarr Sátan sibhsi, le bhar gcáthadh mar chruithneachd:
32 Agus do ghuidh misi air do shonsa, ionnus nach dtráoithfeadh do chreideamh: agus air bhfilleadh duitse, neartuigh do dhearbhraithreacha.
33 Agus a dubhairt seision ris; A Thighearna atáim ullamh air bhul leachdsa, chum príosúin, agus chum báis leis.
34 Achd a dubhairt séision, A deirim riot, a Pheadair, nach goirfe an coileach a níu, nó go séanna tú trí húaire go bhfuil aithne agad oramsa.
35 Agus a dubhairt sé ríu, An tan do chuir mé úaim sibh fan sparán, ná mála, ná bróga, an raibh uireasbhuigh éin neithe oruibh? Agus a dubhrádarsan, Ní raibh.
36 Ar a nadhbharsin a dubhairt sé ríu, Achd a nois, gidh bé agá bhfuil sparán tógbhadh sé é, agus a mhála mar an gcéadna: agus gidh bé ag nach bhfuil, reacadh sé a bhrat, agus ceannchadh sé cloidheamh.