36 Ar a nadhbharsin a dubhairt sé ríu, Achd a nois, gidh bé agá bhfuil sparán tógbhadh sé é, agus a mhála mar an gcéadna: agus gidh bé ag nach bhfuil, reacadh sé a bhrat, agus ceannchadh sé cloidheamh.
37 Oir a deirim ribh, Gur ab éigin fós an ní atá sgriobhtha do choimhlíonadh ionnamsa, Agus atá sé ar na chomháireamh a measg na ndáoine coirthéach: óir na neithe úd atá am thaoibhse atá deireadh aca:
38 Achd a dubhradarsan, A Thighearna, féuch, dhá chloidheamh ann so. Achd a dubhaier seision ríu, Is lór sin.
39 Agus ar nimtheachd amach dhó, do chúaidh sé, do réir a ghnáthuighthe, go slíabh na Noluidheadh; agus fós do leanadar a dheisciobuil é.
40 Agus an tán tháinic sé chum na háite, a dubhairt sé ríu, Déanunidh urnuighe ionnus nach dteigeamhadh sibh a ccáthughadh.
41 Agus do tairrngeadh eision úatha a dtimcheall urchair cloiche, agus agá léigean air a ghlúinibh, do rinne sé urnuighe,
42 Ag rádh, A Athair, mas toil leachd, cuir an cupánsa thoram: ach cheana nar ab í mo thoilsi, achd do thoilsi, do dhéantar.