44 Agus ar mbeith a nanbhuain mhóir dhósan do rinne sé urnuighe ní as díthchiolluighe: agus do bhí a allas mar bhráona mora fola ag tuitim ar talamh.
45 Agus an tan déirigh sé ó umuighe, tháinic sé chum a dheisciobal, agus fuair sé na gcodladh íad tré thuirsi,
46 Agus a dubhairt sé rú, Créd fá gcodaltáoi? éirghidh agus déanuidh urnuighe, do chum nach dtuitfeadh sibh a gcathughadh.
47 Agus ag labhairt dó fós, féuch an slúagh, agus an té dá ngoirthí Iúdas, áon don dá fhear déag, ag gabháil rompa, agus do dhruid sé ré Hiosa do thabhairt póige dhó.
48 Agus a dubhairt Iósa ris, A Iúdais, an lé poig bhraithbeas tú Mac an duine?
49 Agus an tan do chunncadar an dream do bhí ná thimcheallsan an ní do bhí ag teach, a dubhradar ris, A Thighcarna, an mbuáilfeam lé cloidheamh?
50 Agus do bhuáil fear dhíobh searbhfhoghantuidhe a nárdshagairt, agus do bhean sé a chlúas dheas de.