61 Agus ar gcasadh don Tighearna, dféuch sé ar Pheadar. Agus do chumhnigh Peadar ar chomrádh an Tighearna, cionnas a dubhairt sé ris, Suil ghoirfeas an coileach, séanfuidh tú mé trí huáire.
62 Agus ar ndol amach do Pheadar, do ghuil sé go gér.
63 Agus na dáoine do chuinnigh Iósa do rinneadar fonómhad fáoi, dá bhúaladh;
64 Agus an tan do fholuigheadar é, do bhuáileadar a aghuidh, agus dfiafruidheadar dhe, ag rádh, Déana fáigheadóireachd, cía bhúail thú?
65 Agus a dubhradar mórán do neithibh eile na aghaidh dhá mhaslughadh.
66 Agus mar déirigh an lá, do chrinnigheadar sinnsir an phobuil, agus na hárdsagairt, agus na sgríobuidhe a bhfochair a chéile, agus tugadar eision chum a gcomhairle féin,
67 Ag rádh, An tusa Críosd? innis dúinne. Agus a dubhairt seision riu, Má innisim dháoibh, ní chreidfidhe mé: