66 Agus mar déirigh an lá, do chrinnigheadar sinnsir an phobuil, agus na hárdsagairt, agus na sgríobuidhe a bhfochair a chéile, agus tugadar eision chum a gcomhairle féin,
67 Ag rádh, An tusa Críosd? innis dúinne. Agus a dubhairt seision riu, Má innisim dháoibh, ní chreidfidhe mé:
68 Agus fós ma fhiafruighim í dhíbh, ní thiobhartháoi freagra oram, agus ní léighfi uáibh mé.
69 Sam aimsir aig teachd biáidh Mac an duine na shuighe ar deis chumhachd Dé.
70 Agus a dubhradar uile ris, mar sin an túsa Mac Dé? Agus a dubhairt seision riú, A deirthisi gur ab mé.
71 Achd a dubhradarsan, Créd é an riachdanus fiadhnuisi atá oruinn feasda? óir do chúalamar féin as a bhéul féin é.