41 Achd sinne go deimhin go ceart; (óir fúaramar na neithe do thuilleadar ar ngníomhartha): achd ní dhearna an tési olc ar bith.
42 Agus a dubhairt sé ré Híosa, A Thighearna, cuimhnigh oransa an tan thiochas tú ad rioghachd féin.
43 Agus a dubhairt Iósa ris, A deirim riot go firinneach, Go mbia tú am fhochair a niu a bpárrthas.
44 Agus do bhí sé a dtimcheall an seiseadh húair, agus do rinneadh dorchadas ar an dtalamh uile gus a náomheadh húair.
45 Agus do dhorchuigheadh an ghrían agus do briseadh brat roinnte an teampuill ann a lár.
46 Agus ar néigheamh Díosa do ghúth mhór, a dubhairt sé, A Athair, táobham mo spiorad ann do lamhaibhsi: agus an tan a dubharit sé na neithesi, do chúaidh a spiorad ás.
47 Agus an tráth do chunnaire an caiptíu an ni do rinneadh, tug sé glóir do Dhía, ag rádh, Go firinneach budh firéan an duinesi.