48 Agus an pobal uile tháinic a náoinfheachd dá fhéachainsion, a núair do chunncadar na neithe do rinneadh ann, ag búaladh a nochda, do fhilleadar air a nais.
49 Agus do sheasadar a dháoine aitheanta, a bhfád úadh, agus na mná do lean é ón Ghalilé, ag féachain ar na neithibhsi.
50 Agus, féuch, tháinic fear dar bhainm Ióseph; do bhí na chomhairleach, na dhuine mhaith, agus na fhírean:
51 Nach a áontaigh dhá gcomhairle ná dá ngníomh súd; ó Arimatéa cathair do thír Iúduighe: agá raibh suil fós ré rioghachd Dé.
52 Ar ndul dó so chum Pioláid, díarr sé corp Iósa.
53 Agus ar na bhúain a núas dó, do chuir sé linéadach na thimcheall, agus do chuir sé a dtúama do bhí ar na thochailt a gcarraic é, ann nach ar cuireadh áonduine roimhesion a ríamh.
54 Agus do bé sin lá a nullmhuighthe, agus do bhí an tsabbóid ag druid ríu.