10 Achd a si Muire Mhaghalén, agus Iónna, afus Muire mathair Shéumais, agus na mná eile do bhí maille ríu, dinnis na neithesi do na heasbuil.
11 Agus do cheasadarsan a mbríathra mar éadruime cheille, agus nior chreideadar dhóibh.
12 Agus ar néirghe do Pheadar, do rioth sé chum an túama; agus an tan a dféuch sé a sdeach, do chunnairc sé an linéadach na luighe leis féin, agus dimthigh sé, ag déanamh iongantais leis féin fán ngíomhsa.
13 Agus, féuch, do chúadar días diobhsan an lásin féin go baile atá trí fithchid sdáide ó Iérusalém, dar ab ainm Emmáus.
14 Agus do bhádar ag labhairt eatarra féin ar na neithibhsi uile tarla ann.
15 Agus tárla, ar mbeith ag comhrádh dhóibh agus ag ceasdúghadh ré chéile, go dtáinic Iósa féin, agus gur shiubháil sé léo.
16 Achd do cungmhadh a súilesion, ionnus nach aitheonchaidís é.