12 Agus ar néirghe do Pheadar, do rioth sé chum an túama; agus an tan a dféuch sé a sdeach, do chunnairc sé an linéadach na luighe leis féin, agus dimthigh sé, ag déanamh iongantais leis féin fán ngíomhsa.
13 Agus, féuch, do chúadar días diobhsan an lásin féin go baile atá trí fithchid sdáide ó Iérusalém, dar ab ainm Emmáus.
14 Agus do bhádar ag labhairt eatarra féin ar na neithibhsi uile tarla ann.
15 Agus tárla, ar mbeith ag comhrádh dhóibh agus ag ceasdúghadh ré chéile, go dtáinic Iósa féin, agus gur shiubháil sé léo.
16 Achd do cungmhadh a súilesion, ionnus nach aitheonchaidís é.
17 Agus a dubhairt sé ríu, Créd íad na comhraitesi air a bhfuiltí ag teachd cadruibh féin, ag siobhal dibh, agus sibh go bronach?
18 Agus ar bhfeagra do neach díobh, dar bhainm Cléophas, a dubhairt sé ris, An bhfuil tusa ad áonar ad choigcrigheach a Niarusalém, agus gan fios na neitheann do rinneadh innte ann sna láethibhsi agad?