6 Agus do chífi gach uile fheoil slanughadh Dé.
7 Uime sin a dubhairt sé rís a tslúagh tháinic a mach do chum go mbaisdfeadh seisean íad: A shliochd na naithreach neimhe, cía thug rabhadh dhaóibh teitheadh ón fheirg a tá ag teachd?
8 Ar a nadhbharsin tabhraidh tórrtha bhus iomchubhaidh don naithrighe úaibh, agus ná tionsgnaidh a rádh ionnaibh féin, A tá Abraham na athair aguinn: oír a deirimsi ribh, Gur ab éidir lé Dia clann do dhúsachd as na clochmibhse féin D'abraham.
9 Agus a tá an tuáigh a nois fós ar na cur chum fréimhe na gcrann: ar a nadhbharsin gach uile chrann nach dtabhair toradh maith gearrthar é, agus teilgthear sa teinidh é.
10 Agus do fhíafruigh an slúagh nile dhe, ag rádh, Ar a nadhbharsin créud do dheunam?
11 Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé ríu, An té agá bhfuil dá chóta, roinneadh ris an té ag nach bhfuil; agus gidh bé agá bhfuil bíadh, déanadh sé mar an gcéudna.
12 Agus tangadar na puibliocáin mar an gcéudna ionnus go mbaisdfidhe íad, agus a dubhradar ris, A mhaighisdir, créud do dhéunáimné?