23 Cia is usa, a rádh, A táid do pheacuidh ar na maitheamh dhuit; ná a rádh, Eirigh agus siobhail?
24 Achd do chum go mbeith a fhíios agaibh go bhfuil cumhachda ag Mac an duine, peacuidh do mhaitheamh ar an dtalamh, (a dubhairt sé ré fear na pairilisi,) A deirimsi riot, Eirigh, tóg do leabuidh, agus imthigh dod thigh.
25 Agus ar néirghe dhósan ar an mball an a bhfiadhnuisi, do thóg an leabuidh an raibh sé na luighe, agus do chuaidh sé dhá thigh fein, ag moládh Dé.
26 Agus do ghabh úathbhás cách uile, agus do mholadar Día, agus do líonadh deagla íad, ag rádh, Do choncamair neithe doichreidte a niugh.
27 Agus tar éisi so do chúaidh Iósa a mach, agus do chonnairc sé puibliocán, dár bháinm Lébhi, na shuidhe ag bord an chusduim: agus a dubharit séris, Lean misi.
28 Agus ar bhfágbháil gach éin neithe dhósan, déirigh sé, agus do lean sé eisean.
29 Agus do rinne Lébhi féusda mór dhó an a thigh féin: agus do bhí cuideachda mhór phuibliocán agus dáoine eile do shuidh na bhfochair.