34 Agus a dubhairt seision ríu, An bhféadtáoisi a thabhairt air chloinn tséomra an fhir núa phósda trosgadh do dhéunamh, an feadh bhías sé féin na bhfochair?
35 Achd tiocfaid na láethe an tan bhéurthar an fear núa phósda úatha, ann sna láethibh sin do dhéunuid síad trosgadh.
36 Agus a dubhairt sé fós tré chosamhlachd ríu; Ní chuireann neach ar bith preabán éuduigh núa air sheanchulaidh, nó, brisidh an téudach núa é, agus ní thig an preabán núaéuduigh leis a tseinéudach?
37 Agus ní chuireann duine ar bith fíon núa a seanbhuidéuluibh; nó brisfidh an fíon núa na buidéil, agus dóirtfidhear an fíon agus rachuid na buidéil a múgba.
38 Achd fíon núa is cóir do chur a mbuidéuluibh núadha; agus béid síad aráon slán.
39 Agus ní bhfuil duine ar bith ibheas seinfhíon lér ab áill fíon núa ar ball: óir a deir sé, Is é seinfhíon is folláine.