9 Óir do ghabh eagla é féin, agus a raibh na fhochair uile, ar son na gabhála éisg do ghabhadar:
10 Agus mar an gcéadna Séumas, agus Eóin, clan Shebedei, do bhí na gcompánachuibh ag Simon. Agus a dubhairt Iósa ré Símon, Na bíodh eagla ort; as so a mach bíaidh tú iasgaire ar dháoinibh.
11 Agus an tan tugadarsan a ienga chum tire, ar bhfagbháil an uile neither dhóibh, do leanadar eisean.
12 Agus tárla, an tan do bhí sé a ccathruigh áirighe, fénch óglach lán do lubhra: agus ar bhfaicsin Iósa dhó do leig sé é féin síos ar aghaidh, agus do ghuidh sé é, a rádh, A Thighearna, más toil leachd é, is éidir leachd misi do ghlanadh
13 Agus ar sineadh a láimhe, do bhean sé ris, ag radh, As toil: bí glan. Agus dfag an lubhra é ar an mball.
14 Agus do aithin sé dhe gan a innisin do dhuine ar bith: achd imthigh, taisbéin thú féin don tsagart, agus íodhbair ar son do ghlanta, mar do aithin Máoisi, mar fhíaghnaisi dhóibh.
15 Achd is móide do leathnuighe a thúarasghbháil sin: agus do chruinnigh slúagh mór déisdeachd ris, agus dfagháil fóiríghne a dteinneas úadh.