16 Iudás deatbhráthair Shéumuis, agus Iudás Iscariót, (an té fós do bhráth eision).
17 Agus táinig sé a núas léo, agus do sheas sé ar mhachuire réidh, agus a choimhthionól deisciobail, agus mórán mór do phobal ó thír Iúdaighe uile agus ó Ierusalem, agus ó chois fairrge Thírus agus Shídon, noch tháinig deisdeachd leisin, agus dfagháil leighis ar a neasláintibh;
18 Agus a raibh ar ná gciorrbhadh ag spioraduibh neamhglana, agus do leighiseadh íad.
19 Agus do bhí an slúagh uile ag íarruidh cuimealta ris: óir do bhídh subhailce ag dul úadh, agus do shlánuidh sé iad uile.
20 Agus are dtógbháil a shúl súas dósan air a dheisciobluibh, a duiubhairt sé, As beannaighthe sibhsi a dháoine bochda: óir as libh flaitheas Dé.
21 As beannaighthe sibh a dháoine atá ocrach a nois: óir sáiséochthar sibh. As beannaighthe sibhsi cháoidheas a nois: óir do dhéuntáoi gáire.
22 As beannaighthe bheithí, an tráth fhúathóchuid dáoine sibh, agus chuirfid siad as a gcuideachda sibh, agus imdheargfuid sibh, agus chuirfid bhur nainm amach mar olc, ar son Mhic an duine.