19 Agus do bhí an slúagh uile ag íarruidh cuimealta ris: óir do bhídh subhailce ag dul úadh, agus do shlánuidh sé iad uile.
20 Agus are dtógbháil a shúl súas dósan air a dheisciobluibh, a duiubhairt sé, As beannaighthe sibhsi a dháoine bochda: óir as libh flaitheas Dé.
21 As beannaighthe sibh a dháoine atá ocrach a nois: óir sáiséochthar sibh. As beannaighthe sibhsi cháoidheas a nois: óir do dhéuntáoi gáire.
22 As beannaighthe bheithí, an tráth fhúathóchuid dáoine sibh, agus chuirfid siad as a gcuideachda sibh, agus imdheargfuid sibh, agus chuirfid bhur nainm amach mar olc, ar son Mhic an duine.
23 Déunnidh gáirdeachus an lá sin, agus éirghidh a náirde ré lúthgháire: óir, féuch, as mór bhur lúaidheachd ar neamh: oír as mar sin do rinneadar a naithreacha ris na faibhibh.
24 Achd as anáoibhinn dáoibhsi a dháoine saidhbhre! óir atá bhur sólás aguibh.
25 As anáoibhinn dáoibh a dháoine atá sáitheach! óir biáidh ocras orúibh. As anáoibhinn dáoibh a dháoine atá a gáirighe a nois! óir cáoifidhe agus goilfidhe.