2 Agus do bhí óglach caiptin áirighe, go bréoite, a riochd bháis, air a raibh cion mór aige.
3 Agus an tan do chúaluidh sé tuarasgbháil Iósa, do chuir sé sinnsir na Níuduighe chuge, ag íarruidh air teachd agus a shearbhfhoghantuidhe shlánughadh
4 Agus an tan thangadar so chum Iósa, díarradar air go díthcheallach, ag rádh, Gur bhfíu é so do thabhuirt dó:
5 Oír atá grádh áige dar gcineadhne, agus do thóg sé sionagóg dhúinne.
6 Agus do chuaidh Iósa léo. Agus an tan do bhí sé a ngar don tigh, do chuir an caiptín a cháirde chuige, ag rádh ris, A Thighearna, Ná cuir búaidhreadh ort féin: óir ní fíu misi go rachfá a sdeach fá chléith mo thighe:
7 Ar a nadhbharsin níor mheas mé gur bhfíu mé féin dul ad ionnsuighe: achd abhuir a bhfocal, agus bíaidh móglach slán.
8 Oír as duine misi féin atá faoi chumhachdiabh. Aga bhfuilid saighdíuirigh fum, agus a deirim ris an bhfearso, Imthigh, agus imthighe sé; agus ré fear eíle, Tárr, agus thigh sé;