24 Agus an tráth do imthigheadar teachdairighe Eóin, do thionnsgoin seison a rádh ris an bpobal a dtimcheall Eóin, Créud é an ní agá ndeachabhair dhá fhéuchain amach ar an bhfásach? An giolcach ar na bhogadh ag an ngaoith?
25 Achd créud é an ní agá ndeachabhair amach dá Chéuchuin? Duine atá ar na éudughadh a néuduighibh mine? Féuch, an luchd bhíos a néudaighibh onóracha, agus a saimhe, is a bpálásuibh na ríogh bhíd said.
26 Achd créd é an ní agá ndeachubhair amach dhá fhéuchuin? Fáidh? A deirim ribh go firinneach, agus ní as mó ná faidh.
27 Ag so an te, ar a bhfuil sgríobhtha, Féuch, cuirim mo theachdaire romhad, oillmhéochus do shlighe romhad.
28 Oir a deirim ribh, Nach bhfuil éidir chlannuibh na mban faidh as mó ná Eóin Baisde: Achd cheana an té as lugha a rioghachd Dé as mó é na eisean.
29 Agus ar na gcloisdin so, do mholadar an pobal uile, agus na puibliocáin, Día, do bhí ar na mhaisdeadh ré baisdeadh Eóin.
30 Achd tugadar na Phairsínigh agus an luchd dlighe tarcuisne ar choinhairle Dé na naghuídh féin, gan a bheith ar na mhaisdeagh úadhsan.