27 Ag so an te, ar a bhfuil sgríobhtha, Féuch, cuirim mo theachdaire romhad, oillmhéochus do shlighe romhad.
28 Oir a deirim ribh, Nach bhfuil éidir chlannuibh na mban faidh as mó ná Eóin Baisde: Achd cheana an té as lugha a rioghachd Dé as mó é na eisean.
29 Agus ar na gcloisdin so, do mholadar an pobal uile, agus na puibliocáin, Día, do bhí ar na mhaisdeadh ré baisdeadh Eóin.
30 Achd tugadar na Phairsínigh agus an luchd dlighe tarcuisne ar choinhairle Dé na naghuídh féin, gan a bheith ar na mhaisdeagh úadhsan.
31 Agus a dubhairt an Tighearna, Cía ré saimhéola mé daóine an chinidh so? agus cía ré ar comshuil íad?
32 As cosmhul íad re leanbuibh na suidhe ar áit an mharguidh, agus éighmheas ar á chéile, agus a deir: Dó rinneamair píobaireachd dhaóibh, agus ní dhearnabhair damhsa; do rinneamair caoí dhaóibh, agus ní dhearnabhair gul.
33 Oír tháinig Eóin Baisde ní ag ithe aráin ná ag ol fíona; agus a deirthísi, Atá deamhan ann.