39 Agus an tan do chonnaire an phairisineach tug an cuirteadh dhósan sin, smuáin sé na inntinn, ag rádh, Dá madh fáidh an fearso, daithnéochadh sé cía agus gá bionnus an bheanso bheanus ris, óir as peacthach í.
40 Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé rís, A Shiomóin, atá ní agam ré rádh riot. Agus a dubhairt seision, A Mhaighisdir, abuir romhad.
41 Do bhádar días dfeitheamhnuibh ag fear áirligthe: do dhligh sé cúig chéad pighinn dfior aca, agus cáogad don dara fear.
42 Agus an tráth nach raibh díolaigheachd ag ceachdar díobh ré na thabhairt dó, do mhaith sé dhóibh aráon. Uime sin ínnis damhsa, cia aca léir ab annsa é?
43 Agus ar bhfreagra do Shímón a dubhairt sé, Measuim gur leis an té, dár mhaith sé an tsuim as mó Agus a dubhairt seision is, As maith an bhreath rug tú.
44 Agus ar bhfilleadh dhó chum na mná, a dubhairt sé ré Síomón, An bhfaicean tú an bhean so? tháinic misi a sdeach dod thighsi agus ní thug tú uisgi chum mo chos díonladh: achd do nigh an bhean so mo chosa le na déuruibh, agus dé thiormuigh sí íad le grúaig a cinn.
45 Ní thug tusa póg dhamh: achd ó tháinig mé a sdeach níor choisg sisi do phógadh mo chos.