43 Agus ar bhfreagra do Shímón a dubhairt sé, Measuim gur leis an té, dár mhaith sé an tsuim as mó Agus a dubhairt seision is, As maith an bhreath rug tú.
44 Agus ar bhfilleadh dhó chum na mná, a dubhairt sé ré Síomón, An bhfaicean tú an bhean so? tháinic misi a sdeach dod thighsi agus ní thug tú uisgi chum mo chos díonladh: achd do nigh an bhean so mo chosa le na déuruibh, agus dé thiormuigh sí íad le grúaig a cinn.
45 Ní thug tusa póg dhamh: achd ó tháinig mé a sdeach níor choisg sisi do phógadh mo chos.
46 Níor ong tú mo cheann lé hola: achd do ong an bhean so mo chosa ré huinnement.
47 Ar a nadhbharsin a deirim riot, Go bhfuilid a hiomad peacaidh, ar na maitheamh dhi; air sin as mór a grádheas sí. Achd gidh bé dá maithtear beagan as beag grádhuigheas sé.
48 Agus a dubhairt sé ría, Atáid do pheacuidh ar na maitheamh dhuit.
49 Agus do thionnsgnadar an lion do bhí na suidhe na fhochair air an mbórd, a rádh ionnta féin, Cía an fear so mhaitheas na peacuidh mar an gceadna?