22 Agus tárla lá áirighe, go ndeachaidh seisean agus a dheisciobuil a luing: agus a dubbhart sé riú, Déanam ar an táobh úd a nunn don loch. Agus do sdiúradar rompa.
23 Agus ag luingseórachd dóibh do thuit a chodladh airsean: agus do éirigh sdoirmgháoithe ar an loch; agus do líonadh súas íad, agus do bhádar a ngábhadh.
24 Agus ar ndol cuigesean dóibh, do dhúisgeadar é, ag rádh, A Mhaighisdir, a mhaighisdir, a támaoid ar fágbháil. Agus ar neirghe dhósan do bhagair sé ar an gaoith agus ar thonnghail a nuisge: agus do choisgeadar, agus tainic ciuinas ann.
25 Agus a dubhairt sé ríu, Cáit an a bhfuil bhar gcreideamh? agus ar mbeith le heagla dhóibhsion do ghabh iongnadh íad, ag rádh ré chéile, Cia be so! a deir ris na gáothaibh agus ris a nuisge fós bheith na dtochd, agus úmhluighid said dó.
26 Agus do rinneader loingscórachd go crich na Ngadarénach, atá as comhair na Galilé a nunn.
27 Agus ar ndol a dtír dhósan, tárla óglach áirighe as an gcathruigh air, ann a rabhadar deamhuin re haimsir fhada, agus ag nach bíodh éadach uime, agus ní comhnuigheadh sé a dtigh, achd an sna tuámaidhibh.
28 Agus ag faicsin Iósa dhó, agus ag éighmhe, do theilg sé é féin siós aga chosaibh, agus a dubhairt sé do ghuth ard, Créd é mo chuidsi dhiót, a Iósa, a Mhic Dé ro áird? Iarruim ort, gan mo phiánadh.