26 Agus do rinneader loingscórachd go crich na Ngadarénach, atá as comhair na Galilé a nunn.
27 Agus ar ndol a dtír dhósan, tárla óglach áirighe as an gcathruigh air, ann a rabhadar deamhuin re haimsir fhada, agus ag nach bíodh éadach uime, agus ní comhnuigheadh sé a dtigh, achd an sna tuámaidhibh.
28 Agus ag faicsin Iósa dhó, agus ag éighmhe, do theilg sé é féin siós aga chosaibh, agus a dubhairt sé do ghuth ard, Créd é mo chuidsi dhiót, a Iósa, a Mhic Dé ro áird? Iarruim ort, gan mo phiánadh.
29 Oir do aithin sé don spiorad neamhghlan dol as an duine. Oír is iomdha uáir do bheireadh sé siothadh air: agus do cheangluidh le slabhraidhibh agus dp cpimhéaduibh le géimhleachuibh é; agus ar mbriseadh na gcuibhreach dhósan, do thiománadh an deamhan fá na fasaighibh e.
30 Agus dfiafruidh Iósa dhé, ag rádh, Créd is ainm dhuit? Agus a dubhairt seision, Leighión: do brígh go ndeachádar mórán deamhan a sdeach ann.
31 Agus diárradar air gan a chur dfiachaibh ortha dul ann sa dubhaigen.
32 Agus so bhí tréd mór muc ann sin ag inghilt ar a tslíabh: agus diárradar air a léigean doibh dul ionnta. Agus dfulaing seísion sin dóibh.