1 Bhí deichniúr mac agus trí fichid ag Acháb sa tSamáir, agus scríobh Iéahú litir agus sheol í go dtí an tSamáir, go huachtaráin na cathrach, go dtí na sinsir agus go lucht altrama chlann Acháb, á rá:
2 “Nuair a gheobhaidh sibh an litir seo, ós rud é go bhfuil clann mhac bhur máistir in bhur dteannta, agus go bhfuil carbaid agus eachra, cathracha daingne agus airm agaibh,
3 toghaigí an té is fearr agus is cumasaí de chlann mhac bhur máistir, agus cuirigí i ríchathaoir a athar é, agus troidigí ar son ríshliocht bhur máistir.”
4 Bhuail scéin agus scanradh iad. “Féach,” ar siad, “níor fhéad an dá rí an fód a sheasamh ina aghaidh, agus conas a d'fhéadfaimisne, más ea?”
5 Dá bhrí sin sheol reachtaire an pháláis, agus rialtóir na cathrach, na sinsir agus an lucht altrama scéala go dtí Iéahú: “Searbhóntaí de do chuid sinne; déanfaimid cibé rud a ordóidh tú dúinn; ní dhéanfaimid rí d'aon duine; déan mar is áil leat.”
6 Scríobh sé litir eile chucu á rá: “Má tá sibh liom, agus má tá sibh sásta mo réir a dhéanamh, tugaigí libh cinn chlann mhac bhur máistir agus tagaigí chugamsa anseo in Izréil um an dtaca seo amárach.” (Bhí deichniúr mac agus trí fichid leis an rí á n‑oiliúint ansiúd ag taoisigh na cathrach.)
7 Nuair a shroich an litir sin iad, thógadar clann mhac an rí agus chuireadar chun báis iad, an deichniúr agus trí fichid go léir, agus chuireadar a gcinn i gciseáin agus sheoladar chuige in Izréil iad.