2 Ríthe 16 ABN

1 Sa seachtú bliain déag de réimeas Pheacach mac Ramailiá thánig Áchaz mac Iótám i gcoróin ar Iúdá.

2 Bhí Áchaz fiche bliain d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin agus mhair a réimeas ar feadh sé bliana déag i Iarúsailéim. Ní dhearna sé an ceart i bhfianaise an Tiarna a Dhia dála Dháiví a athair.

3 Lean sé sampla ríthe Iosrael agus thug ar a mhac féin fiú gabháil trí thine de réir mar a chleachtaí go náireach ag na ciníocha a dhíbir an Tiarna roimh chlann Iosrael.

4 D'ofráil sé íobairtí agus túis ar na hardionaid, ar na cnoic agus faoi gach crann craobhach.

5 Ansin is ea a thánig Reizín rí Arám agus Peacach mac Ramailiá rí Iosrael chun Iarúsailéim a ionsaí. Chuireadar léigear [air] ach níorbh fhéidir dóibh é a ghabháil.

6 (San am sin, ghabh rí [Eadóm] Éalat ar ais d'Eadóm; thiomáin sé fir Iúdá ó Éalat agus ghabh na hEadómaigh seilbh air agus tá siad ag cur fúthu ann go dtí an lá inniu.)

7 Ansin sheol Áchaz teachtairí go Tigleat Pileisir rí na hAsaíre á rá: “Mise do shearbhónta agus do mhac. Tar agus fuascail mé ó rí Arám agus ó rí Iosrael atá ag cur catha orm.”

8 Thóg Áchaz a raibh d'airgead agus d'ór le fáil i dTeampall an Tiarna agus i gciste phálás an rí agus chuir é mar bhronntanas go rí na hAsaíre.

9 Thug rí na hAsaíre cluas dó agus ghluais in aghaidh na Damaisce agus ghabh í. Dhíbir sé muntir na cathrach go Cír agus chuir Reizín chun báis.

10 Nuair a chuaigh Áchaz rí chun na Damaisce le bualadh le Tigleat Pileisir rí na hAsaíre chonaic sé an altóir a bhí sa Damaisc. Agus chuir Áchaz rí tomhais na haltóra, cuspa di, agus sonraí a déantúis, go dtí Úiriá sagart.

11 Agus thóg Úiriá sagart an altóir, agus rinne sé í go beacht de réir na dtreoracha go léir a chuir Áchaz rí ón Damaisc sular tháinig Áchaz rí ar ais ón Damaisc.

12 Nuair a d'fhill an rí ón Damaisc, d'iniúch sé í, dhruid léi agus ghabh in airde uirthi.

13 Dhóigh sí a íobairt dhóite agus a abhlann; dhoirt sé a ofráil dí, agus chroith fuil a ofráil chomaoineach ar an altóir.

14 An altóir chré-umha a bhí os comhair an Tiarna, thóg sé chun siúil í ó thosach an Teampaill, mar a raibh sí idir an altóir [nua] agus Teampall an Tiarna, agus chuir ar an taobh thuaidh den altóir [nua] í.

15 Thug Áchaz rí an t‑ordú seo do Úiriá an sagart: “Dóigh as seo amach ar an altóir mhór íobairt dhóite na maidine, abhlann an tráthnóna, íobairt uileloiscthe an rí agus a abhlann, agus íobairt uileloiscthe phobail na tíre go léir, agus a n‑abhlann, agus a n‑ofráil dí. Croith uirthi fuil na n‑íobairtí dóite go léir agus fuil na n‑ofrálacha go léir. Maidir leis an altóir chré-umha, beidh sí fúm féin le haghaidh oracal.”

16 Rinne Úiriá sagart gach ní a d'ordaigh Áchaz do.

17 Ghearr Áchaz rí creatlaigh na seastán chun siúil, bhain na trasnáin agus na miasa anuas díobh; thóg an mhuir chré-umha anuas de na daimh a bhí á hiompar agus leag í ar bhonn cloiche.

18 Le hurraim do rí na hAsaíre, thóg sé chun siúil ó Theampall an Tiarna seomra an fháiltithe a bhí tógtha ansiúd, agus an iontráil ríoga lasmuigh.

19 An chuid eile de stair Áchaz, a imeachtaí go léir, nach bhfuil sin uile scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá?

20 Ansin chuaigh Áchaz chun suain lena shinsir, agus adhlacadh é i nDúnfort Dháiví. Tháinig a mhac Hiziciá i gcomharbacht air.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25