7 Nuair a shroich an litir sin iad, thógadar clann mhac an rí agus chuireadar chun báis iad, an deichniúr agus trí fichid go léir, agus chuireadar a gcinn i gciseáin agus sheoladar chuige in Izréil iad.
8 Tháinig an teachtaire le scéala go Iéahú: “Thugadar leo,” ar sé, “cinn chlann mhac an rí.” “Fág ina dhá gcarn iad,” ar seisean, “ag an mbealach chun an gheata go maidin.”
9 Ansin, ar maidin, ghabh sé amach, sheas, agus dúirt leis an bpobal go léir: “Tá sibh saor ó chion; rinne mé comhcheilg in aghaidh mo mháistir, ceart go leor, agus mharaigh mé é. Ach cé chuir iad seo go léir chun báis?
10 Bíodh a fhios agaibh dá bhrí sin nach rachaidh focal amú dá bhfuil ráite ag an Tiarna in aghaidh shliocht Acháb. Tá gach a ndúirt sé trína shearbhónta Éilias déanta ag an Tiarna.”
11 Ansin mharaigh Iéahú gach ar mhair de shliocht Acháb in Izréil, a mhaithe go léir, a dhlúthchairde agus a shagairt, gan duine díobh a fhágáil ina bheatha.
12 Chuir sé chun bóthair ansin go dtí an tSamáir. Ar an tslí dó
13 tharla sé le bráithre Achaizíá rí Iúdá ag Béit Éicid na nAoirí: “Cé hé sibh féin?” a d'fhiafraigh sé. “Sinne bráithre Achaizíá,” ar siad, “agus táimid ar ár mbealach síos ar thuairisc chlann mhac an rí agus chlann mhac na banríona.”