9 Ansin, ar maidin, ghabh sé amach, sheas, agus dúirt leis an bpobal go léir: “Tá sibh saor ó chion; rinne mé comhcheilg in aghaidh mo mháistir, ceart go leor, agus mharaigh mé é. Ach cé chuir iad seo go léir chun báis?
10 Bíodh a fhios agaibh dá bhrí sin nach rachaidh focal amú dá bhfuil ráite ag an Tiarna in aghaidh shliocht Acháb. Tá gach a ndúirt sé trína shearbhónta Éilias déanta ag an Tiarna.”
11 Ansin mharaigh Iéahú gach ar mhair de shliocht Acháb in Izréil, a mhaithe go léir, a dhlúthchairde agus a shagairt, gan duine díobh a fhágáil ina bheatha.
12 Chuir sé chun bóthair ansin go dtí an tSamáir. Ar an tslí dó
13 tharla sé le bráithre Achaizíá rí Iúdá ag Béit Éicid na nAoirí: “Cé hé sibh féin?” a d'fhiafraigh sé. “Sinne bráithre Achaizíá,” ar siad, “agus táimid ar ár mbealach síos ar thuairisc chlann mhac an rí agus chlann mhac na banríona.”
14 “Gabhaigí ina mbeatha iad,” ar sé. Agus ghabhadar ina mbeatha iad agus chuir sé chun báis iad ag an umar ag Béit Éicid, beirt agus daichead díobh, gan fear inste scéil a fhágáil.
15 D'fhág sé an áit sin agus bhuail sé le Iahónádáb mac Raecáb a bhí ag teacht ina choinne. Bheannaigh sé dó agus dúirt leis: “An bhfuil do chroíse dílis do mo chroíse faoi mar atá mo chroíse do do chroíse?” “Tá,” d'fhreagair Iahónádáb. “Má tá,” arsa Iéahú, “tabhair dom do lámh.” Thug sé a lámh dó agus thóg Iéahú suas taobh leis é ina charbad.