5 Thug sé an t‑ordú seo dóibh: “Seo mar atá le déanamh agaibh: téadh trian díbh, an mhuintir a bheidh gan dualgas ar an tsabóid, ar garda ar phálás an rí
6 (agus trian eile ag geata Shúr, agus trian ag an ngeata ar chúl na ngardaí, agus téigí ar garda ar phálás an rí),
7 agus téadh an dá thrian eile agaibh a bheidh ar dualgas ar an tsabóid ar garda ar Theampall an Tiarna (le hais an rí),
8 agus seasaidís timpeall an rí agus a airm i láimh gach fir; cuirtear chun báis aon duine a thabharfaidh iarracht ar bhrú tharaibh isteach. Bígí le hais an rí ag gabháil amach agus ag teacht isteach dó.”
9 Rinne na ceannfoirt gach ní mar a d'ordaigh Iahóideá an sagart. Rug siad a gcuid fear leo, iad siúd a bhí ag scor den gharda ar an tsabóid agus iad siúd a bhí ag dul ar garda ar an tsabóid, agus tháinig siad chuig Iahóideá an sagart.
10 Ghléas an sagart na ceannfoirt le gathanna agus le sciatha an rí Dáiví a bhí i dTeampall an Tiarna.
11 Bhí na gardaí ina seasamh, agus arm i láimh gach duine acu, ó choirnéal theas an Teampaill go dtí an coirnéal thuaidh, thart timpeall ar an altóir agus ar an Teampall.