1 Bhí Ióáis seacht mbliana d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin.
2 Rinneadh rí de Ióáis sa seachtú bliain de réimeas Iéahú, agus bhí sé daichead bliain i réim in Iarúsailéim. Zibiá ó Bhéar Seaba ab ainm dá mháthair.
3 Rinne Ióáis an ceart i bhfianaise an Tiarna gach lá dá shaol mar go raibh Iahóideá an sagart á theagasc.
4 Níor scriosadh na hardionaid, áfach; lean na daoine orthu ag íobairt agus ag ofráil túise ar na hardionaid.
5 Dúirt Ióáis leis na sagairt: “An t‑airgead go léir as na dleachta naofa a thugtar go Teampall an Tiarna, an t‑airgead as na cánacha pearsanta (an t‑airgead ó na daoine de réir mar áiríonn sé iad), agus an t‑airgead a thugtar le deabhóid chroí isteach i dTeampall an Tiarna -
6 glacadh na sagairt leis, ó gach duine dá lucht aitheantais, agus déanaidís an Teampall a dheisiú de réir mar a fheicfear a bheidh sin riachtanach.”
7 Ach faoin tríú bliain fichead de réimeas Ióáis rí, ní raibh aon deisiú déanta ag na sagairt ar an Teampall.