6 glacadh na sagairt leis, ó gach duine dá lucht aitheantais, agus déanaidís an Teampall a dheisiú de réir mar a fheicfear a bheidh sin riachtanach.”
7 Ach faoin tríú bliain fichead de réimeas Ióáis rí, ní raibh aon deisiú déanta ag na sagairt ar an Teampall.
8 Uime sin chuir Ióáis fios ar Iahóideá agus ar na sagairt eile. “Cén fáth nach bhfuil an Teampall á dheisiú agaibh?” d'fhiafraigh sé. “Ná tógaigí a thuilleadh airgid dá bhrí sin ó bhur lucht aitheantais ach é a thabhairt suas ar son deisiú an Teampaill.”
9 D'aontaigh na sagairt dá bhrí sin gan a thuilleadh airgid a thógáil ó na daoine, agus nach iad a thuilleadh a chaithfeadh an Teampall a dheisiú.
10 Ansin fuair Iahóideá an sagart cófra, chuir poll ina chlab agus chuir é le taobh [án cholúin] ar dheis ar an tslí isteach i dTeampall an Tiarna; chuireadh na sagairt a bhí i bhfeighil an dorais an t‑airgead go léir a thugtaí go dtí Teampall an Tiarna isteach ann.
11 Nuair a d'fheicidís go raibh a lán airgid sa chófra, thagadh rúnaí an rí agus an t‑ardsagart agus dhéanaidís an t‑airgead i dTeampall an Tiarna a leá agus a thomhas.
12 Nuair a bhíodh sé tomhaiste thugaidís an t‑airgead do na saoistí a bhí i bhfeighil obair Theampall an Tiarna, agus chaithidís é ar na siúinéirí agus ar na tógálaithe a bhíodh ag obair ar Theampall an Tiarna,