1 Sa tríú bliain fichead de réimeas Ióáis mac Achaizíá rí Iúdá, tháinig Iahóácház mac Iéahú i réim ar Iosrael sa tSamáir, agus bhí sé seacht mbliana déag i réim.
2 Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna agus lean sé air leis na peacaí inar threoraigh Iarobám mac Nabát Iosrael, gan éirí astu.
3 Las fearg an Tiarna in aghaidh Iosrael agus thug sé suas gan sos iad do chumhacht Hazáéil rí Arám agus Bhein Hadad mac Hazáéil.
4 Ansin ghuigh Iahóácház chun an Tiarna, agus d'éist an Tiarna leis, mar go bhfaca sé an inghreim a bhí á dhéanamh ag rí Arám ar chlann Iosrael.
5 (Thug an Tiarna fuasclóir dóibh [a d'fhuascail iad] ó lámha na nArámach, agus chónaigh clann Iosrael ina mbothanna mar a rinneadar roimhe sin.
6 Ach níor éiríodar as na peacaí inar threoraigh Iarobám Iosrael, ach leanadar orthu agus fágadh an cuaille naofa sa tSamáir.)
7 Níor fágadh ach leathchéad de mharcshlua, deich gcarbad agus deich míle troitheach d'arm ag Iahóácház. Scrios rí Arám iad agus shatail faoi chois iad mar a dhéanfaí le smúit lá an bhuailte.