11 Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna agus níor staon sé de na peacaí inar threoraigh Iarobám mac Nabát Iosrael, ach lean sé orthu.
12 An chuid eile de stair Ióáis, a imeachtaí go léir, agus a ghaisce, agus conas mar a chuir sé cogadh ar Amaiziá rí Iúdá, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael?
13 Ansin chuaigh Ióáis chun suain lena shinsir, agus shuigh Iarobám ina ríchathaoir. Adhlacadh Ióáis sa tSamáir le ríthe Iosrael.
14 Nuair a bhuail tinneas a bháis Eilíseá, ghabh Ióáis rí Iosrael síos chuige, agus chrom ar ghol ina láthair á rá: “A athair liom, a athair liom, a charbaid Iosrael lena eachra!”
15 Dúirt Eilíseá leis: “Faigh bogha agus saigheada,” agus fuair sé bogha agus saigheada.
16 Ansin dúirt sé leis an rí: “Tarraing an bogha,” agus tharraing. Chuir Eilíseá a lámha thar lámha an rí.
17 “Oscail an fhuinneog thoir,” ar sé, agus d'oscail sé í. Ansin dúirt Eilíseá: “Scaoil an tsaighead,” agus scaoil. Dúirt sé ansin: “Saighead bua an Tiarna, saighead an bhua ar Arám. Brisfidh tú glan ar Arám ag Afaec.”