14 Nuair a bhuail tinneas a bháis Eilíseá, ghabh Ióáis rí Iosrael síos chuige, agus chrom ar ghol ina láthair á rá: “A athair liom, a athair liom, a charbaid Iosrael lena eachra!”
15 Dúirt Eilíseá leis: “Faigh bogha agus saigheada,” agus fuair sé bogha agus saigheada.
16 Ansin dúirt sé leis an rí: “Tarraing an bogha,” agus tharraing. Chuir Eilíseá a lámha thar lámha an rí.
17 “Oscail an fhuinneog thoir,” ar sé, agus d'oscail sé í. Ansin dúirt Eilíseá: “Scaoil an tsaighead,” agus scaoil. Dúirt sé ansin: “Saighead bua an Tiarna, saighead an bhua ar Arám. Brisfidh tú glan ar Arám ag Afaec.”
18 Ansin dúirt Eilíseá: “Tóg na saigheada,” agus thóg sé iad. Ansin dúirt sé le rí Iosrael: “Buail an talamh,” agus bhuail sé trí huaire é, agus ansin stad sé.
19 Tháinig fearg ar an ngiolla Dé leis dá bharrsan. “Bhí sé de cheart agat é a bhualadh cúig nó sé huaire,” ar sé, “agus chloífeá Arám go hiomlán agus chuirfeá deireadh leis; anois ní bhrisfidh tú ar Arám ach trí huaire.”
20 Fuair Eilíseá bás, agus adhlacadh é. Bhíodh díormaí Móábach ag déanamh ionraidh ar an tír gach [bliain].