22 Bhí Hazáéil rí Arám ag déanamh géarleanúna ar Iosrael i gcaitheamh ré Iahóácház ar fad.
23 Ach bhí an Tiarna cneasta leo agus ghlac trua dóibh, agus d'iompaigh chucu de bharr an chonartha a rinne sé le hAbrahám, le hÍosác, agus le Iacób, agus níorbh áil leis iad a scrios, ná níor dhíbir sé as a láthair iad (fós).
24 Fuair Hazáéil rí Arám bás, agus tháinig Bein Hadad i gcomharbacht air.
25 Ansin ghabh Ióáis mac Iahóácház ar ais ó Bhein Hadad mac Hazáéil na cathracha a ghabh seisean óna athair Iahóácház le neart airm. Bhris Ióáis air faoi thrí agus fuair ar ais cathracha Iosrael.