4 Ansin ghuigh Iahóácház chun an Tiarna, agus d'éist an Tiarna leis, mar go bhfaca sé an inghreim a bhí á dhéanamh ag rí Arám ar chlann Iosrael.
5 (Thug an Tiarna fuasclóir dóibh [a d'fhuascail iad] ó lámha na nArámach, agus chónaigh clann Iosrael ina mbothanna mar a rinneadar roimhe sin.
6 Ach níor éiríodar as na peacaí inar threoraigh Iarobám Iosrael, ach leanadar orthu agus fágadh an cuaille naofa sa tSamáir.)
7 Níor fágadh ach leathchéad de mharcshlua, deich gcarbad agus deich míle troitheach d'arm ag Iahóácház. Scrios rí Arám iad agus shatail faoi chois iad mar a dhéanfaí le smúit lá an bhuailte.
8 An chuid eile de stair Iahóácház, a imeachtaí go léir, agus a ghaisce, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael?
9 Ansin chuaigh Iahóácház chun suain lena shinsir agus rinneadar é a adhlacadh sa tSamáir, agus tháinig a mhac Ióáis i gcomharbacht air.
10 Sa seachtú bliain tríochad de réimeas Ióáis rí Iúdá tháinig Ióáis mac Iahóácház i réim ar Iosrael sa tSamáir, agus bhí sé sé bliana déag i réim.