21 Thogh muintir Iúdá go léir Azairiá, agus gan é ach sé bliana déag d'aois, agus rinneadar rí de i gcomharbacht ar a athair Amaiziá.
22 Eisean a d'atóg Éalat agus a fuair ar ais do Iúdá é tar éis don rí dul chun suain lena shinsir.
23 Sa chúigiú bliain déag de réimeas Amaiziá mac Ióáis rí Iúdá rinneadh rí ar Iosrael sa tSamáir de Iarobám mac Ióáis. Bhí sé bliain agus daichead ina rí.
24 Rinne sé an t‑olc i súile an Tiarna agus níor scar sé le haon pheaca inar threoraigh Iarobám mac Nabát Iosrael.
25 Eisean a ghnóthaigh ar ais críocha Iosrael ó Bhealach Hamát go Muir an Arabá, de réir bhriathar an Tiarna Dia Iosrael a labhair sé ó bhéal Ióna mac Amaití a shearbhónta, an fáidh ó Ghat Héifir.
26 Óir chonaic an Tiarna a ghéire a bhí cruachás Iosrael, gan aon duine daor ná saor le teacht i gcabhair ar Iosrael.
27 Ach gheall an Tiarna nach scriosfadh sé ainm Iosrael ó chlar na cruinne agus d'fhuascail sé iad le láimh Iarobám mac Ióáis.