4 Níor scriosadh na hardionaid, áfach, agus bhí an pobal fós ag ofráil íobairtí sna hardionaid.
5 Nuair a bhí greim daingean aige ar an ríocht, chuir sé chun báis na hoifigigh úd a mharaigh a athair, an rí.
6 Níor chuir sé chun báis clann na ndúnmharfóirí, afach, de réir mar atá scríofa i leabhar dhlí Mhaois mar ar ordaigh an Tiarna: “Níl aithreacha le cur chun báis ar son mac, ná mic ar son a n‑aithreacha; ní foláir gach duine a chur chun báis ar son a pheaca féin.”
7 Eisean a bhris ar na hEadómaigh i nGleann an tSalainn, deich míle díobh, agus a ghabh an Charraig de ruathar. Thug sé Ioctael mar ainm uirthi agus is é atá uirthi go dtí inniu féin.
8 Ansin chuir Amaiziá teachtairí go Ióáis mac Iahóácház mac Iéahú rí Iosrael á rá: “Tar agus bíodh triail againn as a chéile!”
9 Chuir Ióáis rí Iosrael teachtaireacht go hAmaiziá rí Iúdá: “Chuir feochadán na Liobáine teachtaireacht go céadar na Liobáine: ‘Tabhair d'iníon le pósadh do mo mhac,’ ach rinne ainmhí allta sa Liobáin an feochadán a shatailt faoina chosa agus é ag gabháil thar bráid.
10 Rinne tú Eadóm a chloí agus anois tá éirí in airde ort. Bí ag maíomh as do ghaisce, ach fan sa bhaile. Cad ab áil leat ag cothú tranglaim a dhéanfadh thú féin agus Iúdá a scrios?”