1 Sa seachtú bliain déag de réimeas Iarobám rí Iosrael thánig Azairiá mac Amaiziá i gcoróin ar Iúdá.
2 Bhí sé sé bliana déag d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé dhá bhliain déag is daichead ina rí in Iarúsailéim. Iacoiliá, ó Iarúsailéim, ab ainm dá mháthair.
3 Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna ar fad, faoi mar a rinne a athair, Amaiziá.
4 Níor scriosadh na hardionaid, áfach, agus bhí an pobal fós ag ofráil íobairtí agus túise ar na hardionaid.
5 Ach leag an Tiarna a lámh ar an rí agus rinneadh lobhar de go lá a bháis, agus mhair sé i dteach leis féin. Bhí Iótám, mac an rí, i bhfeighil an rítheaghlaigh agus i gceannas ar an tír.