17 Sa naoú bliain tríochad de réimeas Azairiá rí Iúdá tháinig Manachaem mac Gháidí i gcoróin ar Iosrael. Bhí sé deich mbliana i réim sa tSamáir.
18 Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna agus níor scoir sé de na peacaí inar threoraigh Iarobám mac Nabát Iosrael. [Lena linn]
19 rinne Púl rí na hAsaíre ionradh ar an tír; thug Manachaem míle tallann airgid do Phúl d'fhonn go gcabhródh sé leis ag neartú lena ghreim ar an údarás ríoga.
20 Rinne Manachaem an t‑airgead sin a thobhach ar Iosrael, ar gach flaith, leathchéad seicil an duine, le tabhairt do rí na hAsaíre. D'imigh seisean ar ais ansin agus níor fhan sa tír.
21 An chuid eile de stair Mhanachaem, a imeachtaí go léir, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael?
22 Ansin chuaigh Manachaem chun suain lena shinsir. Tháinig Pacaichiá i gcomharbacht air.
23 Sa chaogadú bliain de réimeas Azairiá rí Iúdá tháinig Pacaichiá mac Mhanachaem i gcoróin ar Iosrael sa tSamáir, agus bhí sé dhá bhliain i réim.