6 An chuid eile de stair Azairiá, a imeachtaí go léir, nach bhfuil sé go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá?
7 Ansin chuaigh Azairiá chun suain lena shinsir agus chuireadar é i nDúnfort Dháiví, agus tháinig a mhac Iótám i gcomharbacht air.
8 San ochtú bliain déag ar fhichid de réimeas Azairiá rí Iúdá thanig Zacairiá mac Iarobám i gcoróin ar Iosrael sa tSamáir ar feadh sé mhí.
9 Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna faoi mar a rinne a shinsir. Níor scoir sé de na peacaí inar threoraigh Iarobám mac Nabát Iosrael.
10 Rinne Sealúm mac Iáibéis comhcheilg ina aghaidh agus chuir chun báis é ag Ibleám, agus thanig i gcoróin ina dhiaidh.
11 An chuid eile de stair Zacairiá, tá sé scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael.
12 Tharla sin de réir mar a gheáll an Tiarna do Iéahú: “Beidh do chlann mhac ina suí i ríchathaoir Iosrael go dtí an ceathrú glúin.” Agus is mar sin a bhí.