1 Sa dara bliain déag de réimeas Áchaz rí Iúdá tháinig Hóiséa mac Éalá i gcoróin ar Iosrael sa tSamáir agus bhí sé naoi mbliana i réim.
2 Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna, ach níorbh ionann agus ríthe eile Iosrael a ghabh roimhe.
3 Chuir Sealmaineisir rí na hAsaíre cogadh ar Hóiséa agus ghéill seisean dó agus thug cáin dó.
4 Ach rug rí na hAsaíre ar Hóiséa ag déanamh fill air; bhí teachtairí curtha aige go dtí Só, rí na hÉigipte, gan an cháin a thabhairt do rí na hAsaíre mar a rinne na blianta roimhe sin. Uime sin ghabh rí na hAsaíre é agus chuir faoi chuibhreach i gcarcair é.
5 Ansin rinne rí na hAsaíre ionradh ar an tír ar fad; tháinig sé chuig an tSamáir agus chuir sé léigear uirthi ar feadh trí bliana.
6 Sa naoú bliain de réimeas Hóiséa ghabh rí na hAsaíre an tSamáir agus dhíbir sé na hIosraelaigh chun na hAsaíre. Chuir sé ina gcónaí iad i Hala agus ar an Hábór, abhainn de chuid Ghózán, agus i gcathracha na Méideach.