14 Ach ní éistfeadh siad; bhí siad níos stuacaí ná a sinsir a bhí gan creideamh sa Tiarna a nDia.
15 Ní raibh ach dímheas acu ar a dhlíthe agus ar an gconradh a rinne sé lena sinsir, agus ar gach rabhadh a bhí tugtha aige dóibh. Lean siad déithe bréige agus d'éirigh siad féin bréagach; rinne siad aithris ar na ciníocha ina dtimpeall, cé gur ordaigh an Tiarna dóibh gan déanamh mar a dhéanaidís siúd.
16 Thug siad droim láimhe le haitheanta an Tiarna a nDia, agus rinne siad íola de mhiotal leáite, dhá lao, dóibh fén; rinne siad cuaillí naofa dóibh féin, agus thug siad adhradh do shluaite uile na spéire, agus seirbhís do Bhál.
17 Chuir siad d'iallach ar a gclann mhac agus iníonacha gabháil trí thine; chleacht siad fáidheoireacht agus piseoga agus rinne siad iad féin a reic le holc a dhéanamh i bhfianaise an Tiarna, á ghriogadh chun feirge.
18 Mar gheall air sin bhí an Tiarna i bhfeirg le hIosrael agus chaith sé uaidh iad. Níor fágadh ach treibh Iúdá amháin.
19 Ach níor choimeád Iúdá freisin aitheanta an Tiarna, a nDia, ach aithris a dhéanamh ar na nósanna ar chuir Iosrael tús leo.
20 Chaith an Tiarna sliocht Iosrael go léir i leataobh; leag ar lár iad, agus thug i lámha lucht a gcreachta iad go dtí ar deireadh gur thiomáin sé uaidh iad.